Thíos i lár an ghleanna, tráthnóna beag aréir
Agus a’ drúcht ‘na dheora geala ‘na luí ar bharr an fhéir,
‘Sea casadh domhsa an ainnir ab áille gnúis ‘gus pearsa,
‘Sí a sheol mo stuaim ‘un seachráin, tráthnóna beag aréir.
Do chiabhfholt fáinneach frasach, do mhalaí bhán, is do dhéad,
Do chaolchoim álainn mhaiseach agus glórthaí caoin’ do bhéil,
Do bhráid mar chlúmh na heala, do shúil mar réalt’ na maid’ne
Ó ‘s faraor gur dhual dúinn scaradh, tráthnóna beag aréir.
Agus a Rí, nár lách ár n-ealaín ‘gabháil síos an gleann aréir,
Ag éalú fríd an chanach agus ciúnas ins an spéir,
Órú, a rún mo chléibh, nár mhilis ár súgradh croí ‘s nár ghairid,
Ós a Rí na glóire gile, tabhair ar ais an oíche aréir.
Dá bhfaighinnse arís cead pilleadh ‘gus labhairt le stór mo chléibh,
Nó dá bhfaighinnse buaidh ar an chinniúint, char mhiste liom fán tsaol,
Shiúlfainn leat fríd chanach, fríd mhéilte ar chiumhas na mara,
Ó ‘gus dúiche Dé dá gcaillfinn, go bpógfainnse do bhéal.
Agus a Rí, nár lách ár n-ealaín ‘gabháil síos an gleann aréir,
Ag éalú fríd an chanach agus ciúnas ins an spéir,
Órú, a rún mo chléibh, nár mhilis ár súgradh croí ‘s nár ghairid,
Ós a Rí na glóire gile, tabhair ar ais an oíche aréir.
credits
from A Family Odyssey,
released April 12, 2023
Written by Séamus Ó Grianna (Máire)
Special guest on vocals: Mairéad Ní Mhaonaigh
Michael McDonnell: vocals
Simon McDonnell: vocals, guitar
Kevin McDonnell: vocals, piano
Alexandre Sallet: bass
La légende des McDonnell commence avec Michael, le père, dans le pub familial du comté de Kilkenny. Élevé à la musique
traditionnelle irlandaise, il vogue vers la France et y nourrit deux fils, Simon et Kevin, d’un mélange de ballades folk et de bluegrass. Au son du banjo, de la mandoline, de la guitare, de l’accordéon et du bodhran, cette trinité musicale révèle un véritable gospel irlandais......more
From Cork, Ireland, Lewis Barfoot writes mystic, majestic songs derived from regional folk, with an ambient music aura. Bandcamp New & Notable Dec 11, 2023
Celtic-inspired instrumentation, delicate harmonies, and reflective lyrics abound on the sisterly indie-folk duo's debut album. Bandcamp New & Notable Apr 26, 2023
The latest LP from Brigid Mae Power is gorgeous and ghostly, setting Power’s voice against soft brushes of guitar, piano, & shuffling drums. Bandcamp New & Notable Feb 17, 2018
Scottish harpist and singer Rachel Newton brings an innovative, intensely emotional touch to traditional music on this dreamy LP. Bandcamp New & Notable Nov 17, 2020
Bright and skipping songs that foreground the sound of the banjo and fingerstyle guitar in music that feels timeless. Bandcamp New & Notable Oct 5, 2020